Mar thoradh ar #lnag tá roinnt mhaith anois ag labhairt ar Gaeltacht ar líne a bhunú agus a fhorbairt. Gaeltacht gan teorainn.
Féach, mar shampla Concubhar Ó Liatháin ar a bhlag féin, anseo agus anseo, agus ar bhlag Damien Mulley anseo.
Táim lán cinnte gur féidir linn é seo a chur i gcrích – agus, níos fearr ná sin, go bhfuil na préamhacha cuí ar líne againn cheana féin. Ní gá ach an focal a scaipeadh agus daoine a ghríosadh chun oibre.
Maraon leis an méid atá á dhéanamh ar na mblaganna agus ar Twitter, féach an oiread Gaeilge atá anois ar Facebook, m.sh. (gan trácht ar an leagan Gaeilge de Facebook féin).
Agus mé ag breathnú ar leathanach baile mo Facebook-sa ar maidin, ní raibh teacht agam ar fhocal ar bith Béarla go dtí gur shroicheas nach mór deireadh mo leathanaigh. Nuashonrú stádais as Gaeilge ag chuile dhuine.
Féach, freisin, an oiread daoine atá ina gcáirde Facebook ag Seachtain na Gaeilge m.sh. (c.2,5000). Féach an líon daoine atá ina mbaill de ghrúpaí na Gaeilge ar Facebook.
Thig linn cinnte ár nGaeltacht ar líne a bheith againn: gan teorainn talún, cinnte, ach gan teorainn ar líne ach an oiread: sé sin oll-Ghaeltacht, léaráid Venn de Ghaeltacht, ina mbeas Facebook, Twitter, na blaganna, na liostaí 7rl. ina réigiúin froluiteacha.
Gaeltacht 2.0.
ciarán (#lnag)