Chuile eolas ar #lnag Lá Twitter na Gaeilge a raibh riamh de dhíth ort (ach eagla ort é d’fhiafraigh)
Ceist: Conas a thosnaim?
1. Téir go http://twitter.com agus cláraigh (roghnaigh ainm Twitter gearr). Ansin beidh do leathanach Twitter féin agat ag http://twitter.com/do_ainm_twitter
2. [roghnach] Téir go http://twitter.com/antsiogghlas (sin mé féin), agus gliogáil ar ‘follow.’ Feicfidh tú ansin mo thbhaoiteanna agus coimeádfad ar an eolas thú maidir le gach ní a bhaineanns le #lnag Lá Twitter na Gaeilge. (Leanfad ar ais thú, chomh maith).
3. [roghnach] Iarr ar do cháirde amhlaidh a dhéanamh agus bí cinnte go leanann sibh a chéile
4. Freagair an cheist, ‘what are you doing?’ i nóta a bheas faoi bhun 140 carachtar agus gliogáil ar ‘update.’ Sin é. Sin do chéad tbhaoit déanta agat agus feicfidh chuile dhuine de do leantóirí é.
5. Ar #lnag Lá Twitter na Gaeilge (17.03.09), cuir #lnag i ngach tbhaoit.
Ceist: Cad é an rud ait seo a thosnaíonn le ‘#’ (#lnag nó #gael, mar shampla)?
Sin hashtag. Clíbeann sin do ghiolc ionas gur féidir le chách ábhar de do chuid a leanúint (#lnag m.sh.) fiú mura mbíonn siad do do leanadh féin.
Úsáid #gael do chuile thbhaoit a dhéanann tú as Gaeilge (cuma cé’n uair)
Úsáid #lnag do Lá Twitter na Gaeilge (17.03.09)
Ceist: Cad iad na rudaí sin a thosnaíonn le ‘@’ (m.sh @gaeilge)?
Tosnaíonn chuile comhartha aitheantais (CA) Twitter le ‘@’: mise @antsiogghlas. Más mian leat scríobh go díreach go h-aoinne, ní gá ach a CA a chur sa tbhaoit.
Ceist: Cé hiad na giolcairí is giolcairí sa Ghioltacht?
Féach:: @enormous @fearfeasog @eamonj @gaeilge @Triona @antsiogghlas @ocuile
Sin é. Lá Twitter na Gaeilge shona dhaoibh go léir.
Nóta: Tógtha ó m’alt i Nós* na Márta
©m
[...] Tá chuile eolas ar an leathanach seo: Conas? [...]